Cúrsa ar líne do Mhúinteoirí Ealaíne

Cúrsa ar líne do mhúinteoirí ealaíne

Tá cúrsa Gaeilge do mhúinteoirí ealaíne ar fáil ar an suíomh ríomhfhoghlama ranganna.com. Is cúrsa é seo a d’fhorbair Gaelchultúr le tacaíocht airgid ó COGG. 

Tá stór focal agus frásaí úsáideacha ag baint le gnéithe éagsúla den ealaín le fáil sa chúrsa, mar aon le ceachtanna idirghníomhacha agus treoirfhíseáin don seomra ranga. Chun féachaint ar cheann de na físeáin, cliceáil anseo.

 

Más múinteoir ealaíne tusa agus más mian leat teacht a bheith agat ar an gcúrsa seo ar líne, scríobh chuigeolas@gaelchultur.com nó glaoigh ar (01) 484 5220agus déanfaidh Gaelchultúr tú a chlárú dó.